AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.9.2024
COM(2024) 388 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
maidir le feidhmiú foriomlán na rialuithe oifigiúla a rinneadh sna Ballstáit (2022) lena áirithiú go gcuirtear dlí an bhia agus na beatha agus na rialacha maidir le sláinte agus leas na n-ainmhithe, le sláinte na bplandaí agus le táirgí cosanta plandaí i bhfeidhm.
{SWD(2024) 208 final}
Clár na nÁbhar
Achoimre feidhmiúcháin
Réamhrá
Cuid 1
Rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit in 2022
1.1
Forbhreathnú ginearálta
1.2
Tuarascálacha bliantúla ó thíortha de chuid an Aontais
1.3
Eagrú agus feidhmíocht na gcóras rialaithe oifigiúil
1.4
Bearta a glacadh chun oibriú éifeachtach na bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta a áirithiú
1.4.1
Gníomhaíocht a rinneadh chun comhlíonadh na ngnólachtaí a áirithiú
1.4.2
Forfheidhmiú ag na húdaráis náisiúnta
1.4.3
Gníomhaíocht atá déanta chun córais rialaithe oifigiúla éifeachtacha a áirithiú
Cuid 2
Rialuithe an Choimisiúin a rinneadh i dtíortha de chuid an Aontais in 2022
2.1
Iniúchtaí agus rialuithe
2.2
Moltaí
2.3
Na príomhphointí ó rialuithe an Choimisiúin a rinneadh in 2022
2.4
Bearta leantacha córasacha ar mholtaí iniúchóireachta
2. 4.1
Iniúchtaí leantacha ginearálta
2.4.2
Forfheidhmiú
Conclúidí
Séanadh
Tá an tuarascáil seo á cur i láthair ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 114 de Rialachán (AE) 2017/625 (). Is é is aidhm don tuarascáil seo feabhas a chur ar infhaighteacht an phobail ar fhaisnéis maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanann tíortha de chuid an Aontais, agus maidir le rialuithe an Choimisiúin orthu siúd, sna réimsí seo a leanas: sábháilteacht bia agus beatha ainmhithe, sláinte ainmhithe agus plandaí, leas ainmhithe, an fheirmeoireacht orgánach agus na scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia.
Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin atá inniúil dlí an Aontais a léirmhíniú.
Is é an cuspóir atá againn an fhaisnéis seo a choinneáil cothrom le dáta agus cruinn. Má tharraingítear ár n‑aird ar earráidí, déanfaimid iarracht iad a cheartú.
An t‑ábhar a úsáidtear don tuarascáil seo:
●is faisnéis de chineál ginearálta é agus níl sé beartaithe go dtabharfar aghaidh ar chúinsí sonracha duine ar leith ná eintitis ar leith;
●ní gá go mbeadh sé cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta; agus
●i bpáirt, is iad na húdaráis náisiúnta i dtíortha an Aontais a chuireann ar fáil é, agus níl aon smacht ag an gCoimisiún orthu ná níl aon fhreagracht ar an gCoimisiún ina leith.
D’fhéadfadh sé gur cruthaíodh nó gur leagadh amach roinnt sonraí nó faisnéise sa tuarascáil seo i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí.
Achoimre feidhmiúcháin
Cumhdaítear sa tuarascáil seo feidhmiú foriomlán rialuithe oifigiúla thíortha an Aontais agus gníomhaíochtaí rialaithe an Choimisiúin in 2022. Tá sé d'aidhm ag na rialuithe sin ardleibhéal cosanta sláinte agus ardleibhéal muiníne sa bhiashlabhra, ón bhfeirm go dtí an forc, a áirithiú. Is bealach tábhachtach iad chun a fhíorú go gcomhlíonann gnólachtaí a gceanglais dhlíthiúla ionas gur féidir le tomhaltóirí an Aontais a bheith muiníneach go bhfuil an bia a itheann siad sábháilte. Tá siad ríthábhachtach maidir le trádáil rianúil shábháilte i mbia, in ainmhithe agus i bplandaí a chumasú, laistigh den Aontas agus le tíortha nach bhfuil san Aontas araon.
Is iad na húdaráis náisiúnta atá freagrach as rialuithe oifigiúla a dhéanamh. Mura gcomhlíonann gnólachtaí feadh an bhiashlabhra an reachtaíocht infheidhme, ceanglaítear ar na húdaráis na ceanglais a fhorfheidhmiú, agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gnólachtaí na hoibleagáidí atá orthu.
In 2022 bhí 16.4 milliún gnólacht faoi de raon feidhme na rialuithe oifigiúla agus rinne na húdaráis náisiúnta beagnach 5 mhilliún rialú oifigiúil orthu. Sainaithníodh leis na rialuithe sin 1.2 milliún saincheist neamhchomhlíontachta, agus cuireadh 475 000 smachtbhanna riaracháin agus 12 000 caingean dlí i bhfeidhm mar gheall air sin.
Is é an Coimisiún a fhíoraíonn conas a dhéanann tíortha de chuid an Aontais na rialuithe oifigiúla agus na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin.
Léiríonn rialuithe an Choimisiúin, go ginearálta, go bhfuil na córais is gá i bhfeidhm ag na húdaráis náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme cheanglais an Aontais ag gnólachtaí agus chun an cur chun feidhme sin a áirithiú, agus chun gníomhú i gcás ina bhfuil saincheisteanna neamhchomhlíontachta ann. I roinnt tíortha de chuid an Aontais, shainaithin an Coimisiún easnaimh sna córais rialaithe oifigiúla, rud a léirigh go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí. Sna cásanna sin, eisíonn an Coimisiún moltaí chuig na húdaráis náisiúnta.
Déanann an Coimisiún bearta leantacha go córasach ar a mholtaí agus, nuair is gá, baineann sé úsáid as uirlisí forfheidhmithe eile. Ina theannta sin, tacaíonn sé le tíortha de chuid an Aontais trí chúnamh theicniúil agus oiliúint a chur ar fáil tríd an
tionscnamh Oiliúint Níos Fearr le haghaidh Bia Níos Sábháilte
agus trí chruinnithe teicniúla le líonraí saineolaithe.
Ó bhí 2020 ann, thuairiscigh na húdaráis náisiúnta torthaí a gcuid rialuithe trí fhormáid leictreonach chomhchuibhithe a úsáid. Mar sin féin, ní raibh tíortha uile an Aontais in ann a gcuid sonraí uile a chur isteach san fhormáid a bhí ag teastáil.
Réamhrá
Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach leibhéal ard cosanta agus muiníne a bhaint amach sna réimsí seo a leanas: sábháilteacht bia agus beatha, sláinte ainmhithe agus plandaí, leas na ainmhithe, an fheirmeoireacht orgánach agus i scéimeanna tionscnaimh gheografaigh (ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint (ATFC), tásc geografach faoi chosaint (TGFC), agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (STR)). Tá coinne ag na daoine atá ina gcónaí san Aontas Eorpach le hardchaighdeáin sna réimsí sin uile, mar is ceart.
Tá creat dlíthiúil cuimsitheach ag an Aontas chun a áirithiú go ndéantar rialuithe comhsheasmhacha ar fud an tslabhra bia agus beatha, ón bhfeirm go dtí an forc, agus go ndéantar faireachán orthu i gceart, agus chun margadh aonair éifeachtach agus an trádáil le tíortha nach bhfuil san Aontas a chinntiú an tráth céanna. Chun críocha na tuarascála seo, cuimsítear an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann sna tagairtí a dhéantar do thíortha de chuid an Aontais agus do na sonraí staidrimh ().
Ceann de cholúin bheartas comhtháthaithe an Aontais maidir le sábháilteacht bia ón bhfeirm go dtí an forc is ea nach mór do gach tír de chuid an Aontais córas rialaithe oifigiúil éifeachtach a bheith aici, bunaithe ar an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla (). Is é an cuspóir atá ann a fhíorú go gcomhlíonfaidh gnólachtaí caighdeáin an Aontais agus, i gcás inar gá, an comhlíonadh sin a fhorfheidhmiú ar fud an tslabhra bia agus beatha. Ní mór do thíortha de chuid an Aontais pleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta a chur i dtoll a chéile a chumhdóidh gach réimse a rialaítear le reachtaíocht agraibhia an Aontais.
Tá ról tábhachtach ag an gCoimisiún sa chreat rialaithe foriomlán ar leibhéal an Aontais () agus déanann sé rialuithe, lena n‑áirítear iniúchtaí, i dtíortha de chuid an Aontais chun a fhíorú go bhfuil a n‑oibleagáidí á gcomhlíonadh ag na húdaráis náisiúnta.
Ní mór do thíortha de chuid an Aontais tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin () maidir le cur chun feidhme a rialuithe oifigiúla i gcomhréir lena bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta.
Ullmhaíonn an Coimisiún tuarascáil () ar fheidhmiú na rialuithe oifigiúla i dtíortha de chuid an Aontais, ag cur na nithe seo a leanas san áireamh:
●na tuarascálacha bliantúla a chuireann na húdaráis náisiúnta isteach maidir lena ngníomhaíochtaí rialaithe; agus
●torthaí rialuithe an Choimisiúin a rinneadh i dtíortha de chuid an Aontais.
Clúdaíonn an tuarascáil seo an bhliain 2022. Is éard atá ann athbhreithniú ar na nithe seo a leanas:
●tuarascálacha bliantúla ó thíortha de chuid an Aontais a chumhdaíonn 2022;
●Rialuithe an Choimisiúin a rinneadh i dtíortha de chuid an Aontais in 2022; agus
●Bearta leantacha, forfheidhmiú agus tacaíocht ón gCoimisiún arna soláthar do na húdaráis náisiúnta.
Cuimsíonn sé tiomsú de na sonraí a chuir na húdaráis náisiúnta ar fáil le haghaidh 2022. Leis na sonraí sin, beifear in ann, le himeacht ama, treochtaí a shainaithint sna rialuithe agus i saincheisteanna neamhchomhlíontachta.
Tá na grafaicí ina léirítear rialuithe oifigiúla náisiúnta bunaithe ar shonraí comhiomlánaithe 2022 ó thíortha de chuid an Aontais.
Ós rud é go bhfuil athrú tagtha ar na ceanglais tuairiscithe ó 2020 i leith, ní raibh tíortha uile an Aontais in ann na sonraí uile le haghaidh 2022 a sholáthar go mion. Cuireann sé sin teorainn leis an méid is féidir na grafaicí a chur i gcomparáid le chéile toisc go bhféadfadh sé gur sholáthair roinnt tíortha de chuid an Aontais sonraí comhcheangailte nach ndearnadh miondealú orthu de réir na bhfo-chatagóirí riachtanacha.
Tá doiciméad inmheánach oibre ag gabháil leis an tuarascáil seo () ina dtugtar tuilleadh sonraí maidir leis na rialuithe agus na hiniúchtaí a rinne na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún sna hearnálacha den bhiashlabhra a thagann faoin Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla.
Cuid 1
Rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit in 2022
1.1
Forbhreathnú ginearálta
Déantar bia a tháirgeadh agus a dháileadh ón bhfeirm go dtí an forc de réir slabhraí éagsúla a chuimsíonn raon leathan earnálacha agus gníomhaíochtaí gnó ().
I dTábla 1, tugtar forbhreathnú ar thorthaí na rialuithe oifigiúla a rinneadh i dtíortha de chuid an Aontais in 2022.
Tábla 1: Rialuithe oifigiúla in 2022 – i bhfigiúirí
Gach gnólacht sa bhiashlabhra
|
Rialuithe oifigiúla a rinneadh
|
Saincheisteanna neamhchomhlíontachta a sainaithníodh
|
Pionóis riaracháin a cuireadh i bhfeidhm
|
Caingean dlí a rinneadh
|
16 414 273
|
5 010 943
|
1 205 443
|
476 160
|
12 182
|
Tugtar forléargas i bhFíor 1 ar na rialuithe oifigiúla a rinne tíortha de chuid an Aontais feadh an bhiashlabhra, ón bhfeirm go dtí an forc (). Léirítear ann an líon oibreoirí, na rialuithe oifigiúla a rinneadh, na saincheisteanna neamhchomhlíontachta a sainaithníodh, agus na pionóis riaracháin a cuireadh i bhfeidhm, agus miondealú de réir na catagóir gníomhaíochta sa bhiashlabhra ().
Léirítear i dTábla 2 na cúig earnáil den bhiashlabhra a bhfuil dearbhfhigiúirí acu le haghaidh líon na n‑eintiteas, na rialuithe oifigiúla a rinneadh, na saincheisteanna neamhchomhlíontachta a sainaithníodh agus na pionóis riaracháin a cuireadh i bhfeidhm. Sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar miondealú breise ar na figiúirí sin i ngach réimse den bhiashlabhra.
Fíor 1: Rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit in 2022
|
Feirmeoireacht – plandaí
|
#
|
An líon oibreoirí
|
|
Feirmeoireacht – ainmhithe
|
|
An líon rialuithe oifigiúla
|
|
Feirmeoireacht – measctha
|
|
An líon saincheisteanna neamhchomhlíontachta
|
|
An dobharshaothrú
|
|
An líon pionós riaracháin
|
|
Iascaireacht
|
|
|
|
Seilg
|
|
|
|
Beatha ainmhithe
|
|
|
|
Iompar ainmhithe
|
|
|
|
Seamlais agus láimhseáil géim
|
|
|
|
Táirgeadh bia
|
|
|
|
Próiseáil seachtháirgí ainmhithe
|
|
|
|
Dáileadh bia
|
|
|
|
Mórdhíol agus miondíol
|
|
|
|
Seirbhís bia
|
|
|
|
Táirgeoirí ábhar a bhíonn i dteagmháil le bia
|
|
|
Tábla 2: Rialuithe oifigiúla in 2022 – na cúig earnáil is mó
Eintitis
|
|
An fheirmeoireacht
|
7 660 600
|
Mórdhíol bia
|
4 307 282
|
Seirbhís bia
|
2 904 890
|
Táirgeadh bia
|
665 651
|
Dáileadh bia
|
453 116
|
|
Rialuithe oifigiúla
|
|
Seirbhís bia
|
1 245 090
|
Mórdhíol bia
|
1 096 415
|
Iompar ainmhithe
|
855 274
|
Táirgeadh bia
|
842 194
|
An fheirmeoireacht
|
587 219
|
|
Saincheisteanna neamhchomhlíontachta
|
|
Seirbhís bia
|
360 134
|
Iompar ainmhithe
|
342 640
|
Mórdhíol bia
|
223 622
|
Táirgeadh bia
|
153 608
|
An fheirmeoireacht
|
81 719
|
|
Pionóis riaracháin
|
|
Seirbhís bia
|
176 541
|
Mórdhíol bia
|
125 518
|
Táirgeadh bia
|
93 152
|
An fheirmeoireacht
|
50 492
|
Dáileadh bia
|
11 911
|
|
1.2
Tuarascálacha bliantúla ó thíortha de chuid an Aontais
Níorbh é seo ach an tríú huair ag na húdaráis náisiúnta an fhormáid tuairiscithe nua a úsáid. Bhí fadhbanna fós ag cuid acu na sonraí a thiomsú san fhormáid a bhí ag teastáil. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh sé nach mbeadh comparáidí idir na sonraí a cuireadh isteach le haghaidh 2020, 2021 agus 2022 iontaofa. Fágann an t‑athrú ar an bhformáid nua go bhfuil sé deacair sonraí roimh 2020 a chur i gcomparáid le sonraí i ndiaidh 2020. Dá bhrí sin, tá sé ró-luath fós comparáid a dhéanamh idir na sonraí ar leibhéal an Aontais bliain i ndiaidh bliana.
Iarrtar ar thíortha de chuid an Aontais measúnuithe a sholáthar ar leibhéal foriomlán comhlíontachta agus éifeachtachta an chórais rialaithe. Mar sin féin, chuir na húdaráis náisiúnta níos lú faisnéise ar fáil le haghaidh 2022 ná mar a bhí beartaithe sa treoirdhoiciméad ().
A mhéid a bhaineann le leas ainmhithe ar fheirmeacha agus le linn iompair, luaitear sa Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla nach mór anailís ar na teagmhais neamhchomhlíontachta is tromchúisí a bheith sna tuarascálacha bliantúla. Ba cheart an anailís sin a bheith ina bunús le haghaidh plean gníomhaíochta náisiúnta chun cásanna neamhchomhlíontachta sna blianta amach romhainn a chosc nó a laghdú (). Go ginearálta, níor chuir na húdaráis náisiúnta an anailís sin ná na pleananna gníomhaíochta sin ar fáil, agus sin mar a bhí in 2020 agus in 2021 freisin. Fágann sé sin nach féidir leis an gCoimisiún an achoimre is gá maidir le leas ainmhithe a chur ar fáil.
Ina theannta sin, níor chuir na húdaráis náisiúnta ach faisnéis an-teoranta ar fáil maidir leis na rialuithe sin a dhírigh ar chleachtais chalaoiseacha agus mheabhlacha.
1.3
Eagrú agus feidhmíocht na gcóras rialaithe oifigiúil
Tá córais rialaithe oifigiúla curtha ar bun ag tíortha de chuid an Aontais chun a fhíorú go gcuireann gach gnólacht feadh an bhiashlabhra an creat dlíthiúil i bhfeidhm.
Tugtar tuairisc i bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta na n‑údarás náisiúnta ar an gcaoi a mbunaítear a gcórais rialaithe agus tugtar tuairisc iontu ar a gcuspóirí straitéiseacha.
Sa treoraíocht ón gCoimisiún maidir leis na tuarascálacha bliantúla a chomhlánú, iarrtar ar na húdaráis náisiúnta an méid seo a leanas a dhéanamh:
●tuairisc a thabhairt ar aon nuashonrú ar an gcaoi a n‑eagraítear córais rialaithe oifigiúla;
●tábla a chur isteach ina mbeidh na torthaí ó na táscairí feidhmíochta a úsáideadh chun na cuspóirí straitéiseacha a thomhas; agus
●ráiteas a chur isteach maidir le leibhéal ginearálta na comhlíontachta agus éifeachtacht na gcóras rialaithe oifigiúil, bunaithe ar anailís agus sintéis na dtorthaí ó na córais rialaithe, a gcuspóirí agus a dtáscairí feidhmíochta.
Tugann roinnt tíortha de chuid an Aontais an tuairisc ar a gcórais rialaithe arís sa tuarascáil bhliantúil, faisnéis atá ar fáil cheana féin ina bplean rialaithe ilbhliantúil náisiúnta.
Tá na ráitis maidir leis an leibhéal ginearálta comhlíontachta agus éifeachtachta an-teoranta den chuid is mó. Tá raon na dtuairiscí idir shásúil go céatadán de na gnólachtaí atá faoi réir rialuithe a sholáthar le cásanna neamhchomhlíonta (nó gan iad).
Rinne deich dtír de chuid an Aontais faisnéis a áireamh maidir le cuspóirí agus torthaí. Chuir ocht gcinn de na tíortha sin an fhaisnéis sin ar fáil i bhfoirm forbhreathnaithe ar thorthaí a dtáscairí. Uaireanta bíonn na táscairí teoranta don líon rialuithe oifigiúla a dhéantar agus do na samplaí a thógtar.
I roinnt tuarascálacha ó thíortha de chuid an Aontais, níl faisnéis iontu ó na húdaráis uile a bhfuil baint acu leis na rialuithe oifigiúla feadh an bhiashlabhra.
Roinnt dea-chleachtas le tabhairt faoi deara:
-chuir údaráis na Laitvia táscaire san áireamh maidir le feidhmíocht na n‑oifigeach;
-sainíonn údaráis na Beilge baraiméadair bunaithe ar na torthaí a fhaightear ó na rialuithe oifigiúla;
-úsáideann údaráis na Danmhairge líon na gcásanna de ghalar bia-iompartha arb é Salmonella is cúis leo agus líon na n‑aistarraingtí.
Luaigh roinnt tíortha de chuid an Aontais gur tháinig méadú arís ar líon na rialuithe a rinneadh i gcomparáid le blianta roimhe sin tar éis deireadh a chur de réir a chéile le bearta chun srian a chur ar phaindéim COVID-19. Tuairiscíonn Ballstáit eile fós éifeachtaí diúltacha a bheith ag bearta na paindéime ar a gcumas na rialuithe a bhí beartaithe acu a chomhlíonadh go hiomlán.
I measc na dtosca eile a raibh tionchar diúltach acu ar na cláir chigireachta a thuairiscigh na húdaráis náisiúnta, bhí easpa acmhainní (acmhainní foirne, airgeadais agus trealaimh), saincheisteanna leanúnacha sláinte ainmhithe (e.g. fiabhras Afracach na muc agus fliú na n‑éan) agus saincheisteanna maidir le sláinte plandaí, Brexit agus an cogadh san Úcráin.
1.4
Bearta a glacadh chun oibriú éifeachtach na bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta a áirithiú
Is é is cuspóir don phlean rialaithe ilbhliantúil náisiúnta a áirithiú go ndéanfar rialuithe oifigiúla ar bhealach rioscabhunaithe agus éifeachtúil feadh an tslabhra agraibhia ar fad, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla.
Nuair a shainaithnítear cás neamhchomhlíontachta leis na rialuithe oifigiúla, ní mór do na húdaráis náisiúnta beart a dhéanamh chun a áirithiú go leigheasfaidh an gnólacht neamhchomhlíontach an tsaincheist agus chun a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís ().
Ceanglaítear ar údaráis náisiúnta freisin a fhíorú go bhfuil an córas rialaithe oifigiúil éifeachtach agus an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun aon easnamh a shainaithnítear a cheartú ().
1.4.1
Gníomhaíocht a rinneadh chun comhlíonadh na ngnólachtaí a áirithiú
Thuairiscigh formhór thíortha de chuid an Aontais (18) ar bhearta a rinneadh chun comhlíontacht gnólachtaí a áirithiú. I gcás sé cinn de na tíortha sin, tá an fhaisnéis teoranta do na roghanna clasaiceacha chun na rialacha a fhorfheidhmiú amhail rabhaidh, pionóis agus caingean dlí.
Áirítear sna tuarascálacha eile faisnéis faoi bhearta amhail feachtais faisnéise, treoraíocht agus oiliúint do ghnólachtaí chun cuidiú leo rialacha sábháilteachta bia a chomhlíonadh.
Roinnt dea-shamplaí:
●úsáideann údaráis na Danmhairge uirlisí agus réitigh dhigiteacha, amhail uirlis bainistithe riosca do ghnólachtaí bia agus uirlis chun an teocht stórála cheart a sheiceáil;
●tuairiscíonn údaráis na hUngáire ar an gcéad tionchar dearfach a bhí ag an gcur chuige níos comhairlí a glacadh, chomh maith le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin;
●sa Bheilg, tá gnólachtaí atá deimhnithe faoi na treoracha féinseiceála bailíochtaithe náisiúnta incháilithe do tháillí níos lú agus do mhinicíocht níos ísle rialuithe oifigiúla.
1.4.2
Forfheidhmiú ag na húdaráis náisiúnta
Ní mór d’údaráis náisiúnta pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm ().
Baineann na húdaráis náisiúnta úsáid as réimse modhanna forfheidhmiúcháin, idir rabhaidh ó bhéal agus i scríbhinn a eisiúint agus earraí a urghabháil agus a scriosadh agus (go sealadach) formheas gnólachtaí a bhaint nó a shrianadh. Baintear úsáid as fíneálacha riaracháin mar bheart díspreagtha. Is rogha dheiridh iad imeachtaí dlíthiúla foirmiúla i gcónaí.
Léirítear i gCairt 1 líon na bpionós riaracháin a cuireadh i bhfeidhm feadh na n‑earnálacha éagsúla atá ag obair sa bhiashlabhra. Tá miondealú de réir catagóire i gCairt 2 agus taispeántar i gCairt 3 an líon caingne dlí a rinneadh i ngach catagóir.
Cairt 1: Pionóis riaracháin in 2022 de réir na hearnála gnó
Cairt 2: Pionóis riaracháin in 2022 de réir catagóire
Cairt 3: Caingean dlí a rinneadh in 2022
1.4.3
Gníomhaíocht atá déanta chun córais rialaithe oifigiúla éifeachtacha a áirithiú
Ní mór d’údaráis inniúla nósanna imeachta agus/nó socruithe a bheith i bhfeidhm acu chun a áirithiú go bhfuil na rialuithe oifigiúla éifeachtach agus iomchuí. Chun sin a bhaint amach ní mór dóibh rochtain a bheith acu ar an méid seo a leanas:
●líon leordhóthanach ball foirne a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí acu;
●saoráidí agus trealamh iomchuí a dhéantar a chothabháil i gceart; agus
●acmhainne leordhóthanach saotharlainne chun anailís, tástáil agus diagnóis a dhéanamh.
Ní mór d’údaráis náisiúnta iniúchtaí a dhéanamh ar a gcórais rialaithe féin (nó iniúchtaí a chur á ndéanamh orthu féin) agus ní mór dóibh nósanna imeachta fíorúcháin maidir le rialú () a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh a áirithiú agus chun a áirithiú go bhfuil na córais rialaithe éifeachtach. Áirítear leis sin iniúchtaí ar aon eintiteas nó duine a bhféadfadh cúraimí a bheith tarmligthe ag an údarás náisiúnta chuige.
Áirítear faisnéis maidir le ceann amháin nó níos mó de na gnéithe sin in 22 thuarascáil bhliantúla.
Tá an fhaisnéis sách teoranta maidir leis na cúrsaí oiliúna arna soláthar don fhoireann nó arna leanúint ag an bhfoireann, agus maidir le hiniúchtaí agus modhanna fíoraithe eile a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na gcóras rialaithe oifigiúil.
Maidir le hacmhainní:
●Thuairiscigh an tSeicia go raibh easpa cistithe ann do dhiagnóisic shaotharlainne i dtreo dheireadh na bliana, rud a d’fhág go raibh sampláil agus tástáil theoranta ann;
●Luaigh an Bhulgáir gur thit an líon oifigeach, mar aon le méadú ar an líon gnólachtaí seanbhunaithe;
●Dúirt an Eastóin gur dúshlán fós é an easpa saineolaithe agus fad na n‑amanna meastóireachta a eascraíonn as sin le haghaidh substaintí gníomhacha cosanta plandaí agus táirgí cosanta plandaí.
Thuairiscigh ocht dtír de chuid an Aontais athruithe ar an bplean rialaithe ilbhliantúil náisiúnta atá acu faoi láthair. Seo a leanas na cúiseanna a tugadh leis na hathruithe sin:
●athruithe nach beag ar struchtúr, ar bhainistiú nó ar oibriú na n‑údarás inniúil;
●reachtaíocht nua;
●cuspóirí a thabhairt cothrom le dáta gach bliain.
Cuid 2
Rialuithe an Choimisiúin a rinneadh i dtíortha de chuid an Aontais in 2022
2.1
Iniúchtaí agus rialuithe
Ba é clár iniúchta agus anailíse 2022 () an dara clár faoi phlean ilbhliantúil 2021-2025. In 2022, thosaíomar ag dul i ngleic le roinnt de na tosaíochtaí a leagadh síos sa phlean ilbhliantúil. Áirítear leo sin:
●leas ainmhithe laonna in ionaid rialaithe le linn iompair laistigh den Aontas;
●leas ainmhithe ar shoithí beostoic;
●pasanna plandaí a úsáidtear le linn gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réada eile laistigh den Aontas.
In 2022, rinneamar 120 rialú ar chórais rialaithe oifigiúla thíortha de chuid an Aontais. I dTábla 3, tugtar miondealú ar an gcineál rialuithe agus ar an modheolaíocht a úsáideadh.
Tábla 3 – cineálacha rialaithe agus modheolaíochta, 2022
An cineál iniúchta
|
Go hiomlán cianda
|
Cianda i bpáirt
|
Ar an láthair
|
Iniúchadh
|
7
|
60
|
3
|
Anailís deisce
|
27
|
|
|
Staidéar aimsithe fíoras
|
4
|
1
|
9
|
Bearta leantacha ginearálta
|
4
|
3
|
2
|
Léirítear i bhFíor 2 cumhdach geografach na rialuithe sin. Léirítear i gCairt 4 an líon iniúchtaí a rinneadh de réir catagóir rialaithe.
Fíor 2: Cumhdach rialuithe an Choimisiúin in 2022
Cairt 4: Rialuithe arna ndéanamh de réir catagóire, 2022
2.2
Moltaí
Ba é an toradh a bhí ar na rialuithe a rinneadh in 2022 ná 363 mholadh do thíortha de chuid an Aontais. Tugann Cairt 3 forbhreathnú ar na moltaí sin de réir na hearnála. Tugtar miondealú breise ar na figiúirí de réir an réimse a ndearnadh iniúchadh air sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.
Cairt 5: Moltaí a rinneadh in 2022 de réir na hearnála
2.3
Na príomhphointí ó rialuithe an Choimisiúin a rinneadh in 2022
Bia
Aimsíodh sna hiniúchtaí in earnáil an iascaigh fadhbanna maidir le soithí beaga iascaireachta a chlárú, rialuithe ar láithreáin a dtugtar iasc i dtír agus oibríochtaí gaolmhara agus easpa rialuithe ar shoithí a thagann i dtír i dtíortha eile de chuid an Aontais. D’fhéadfadh úsáid modhanna tástála hiostaimín malartacha an bonn a bhaint d’iontaofacht agus/nó de bhailíocht na dtorthaí tástála.
Rinneamar raon feidhme ár n‑iniúchtaí in earnáil na feola a leathnú, ag tosú le heallach, chuig seamlais muc, caorach agus éanlaithe clóis. Aimsíodh laigí in oiliúint agus maoirseacht tréidlianna oifigiúla agus in éifeachtacht na rialuithe i seamlais a bhfuil tréchur íseal acu.
Aimsíodh easnaimh choiteanna in earnáil na déiríochta i bhforfheidhmiú nósanna imeachta oibreora maidir le bainne amh a thástáil agus cóireáil teasa a fhíorú.
Léirigh na hiniúchtaí ar bhia nach de bhunadh ainmhíoch é an gá atá le feabhas a chur ar chlárú na bpríomhtháirgeoirí maidir le rialuithe oifigiúla rioscabhunaithe a chur chun feidhme.
OGManna
Rinneamar dhá staidéar aimsithe fíoras chun faisnéis a bhailiú maidir le cur chun feidhme rialuithe agus forálacha maidir le horgánaigh agus táirgí, lena n‑áirítear bia agus beatha ina bhfuil táirgí den sórt sin, a fhaightear trí theicnící géanómaíocha nua (). Ba é an aidhm a bhí leis freisin dea-chleachtais agus constaicí nó deacrachtaí coiteanna a tháinig chun cinn nuair a bhí na rialuithe sin á gcur chun feidhme a shainaithint.
Beatha
Léirigh ár n‑iniúchtaí réimsí ina bhféadfaí feabhas a chur ar an measúnú ar chórais anailíse guaise agus pointí rialúcháin criticiúla na n‑oibreoirí, ar chur chun feidhme prótacal samplála iomchuí agus ar rialuithe oifigiúla maidir le lipéadú.
Sláinte ainmhithe
Léirigh ár rialuithe ar na bearta a glacadh chun leathadh fhiabhras Afracach na muc a shrianadh go raibh dúshláin ann maidir le luathbhrath an ghalair, bithshlándáil agus rialuithe ar ghluaiseachta ó chriosanna srianta.
Maidir leis na bearta a glacadh i ndáil leis an bhfliú éanúil ardphataigineach, bhí deis ann pleanáil theagmhasach agus ullmhacht a neartú i réimsí na bhfiosrúchán eipidéimeolaíoch agus na socruithe dídhaonraithe.
Léirigh torthaí ár rialuithe chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na gclár díothaithe confaidh go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh, ar an iomlán, ar chur chun feidhme an chláir de réir na gcuspóirí.
Seachtháirgí ainmhithe
Áirítear ar na réimsí a sainaithníodh le haghaidh feabhais seiceálacha ar sheachtháirgí ainmhithe a ghintear in earnáil an bhia, measúnú ar anailís ghuaise oibreora agus ar chórais pointí rialúcháin criticiúla, agus fíorú ar bhailíochtú monarchana próiseála.
Leas ainmhithe
Rinneadh achoimre i
dtuarascáil forbhreathnaithe
ar an toradh a bhí ar thionscadal inar scrúdaíodh córais bainistithe cáilíochta le haghaidh leas ainmhithe agus úsáid táscairí. Thángthas ar an gconclúid sa tionscadal go bhfuil gá le táscairí lena n‑úsáid go huilíoch chun staid leasa ainmhithe nó athruithe ar leas ainmhithe ar leibhéal na feirme a thomhas.
Maidir le leas ainmhithe le linn iompair, chuireamar tús le tionscadail nua maidir le laonna scoite a iompar ar aistir fhada agus maidir le hainmhithe a iompar ar shoithí mara chuig tíortha nach bhfuil san Aontas.
Sláinte plandaí
Sainaithníodh inár gcuid iniúchtaí ar na bearta a glacadh chun leathadh Xylella fastidiosa a shrianadh na bacainní a chuireann moill ar chur chun feidhme na mbeart díothaithe is gá, go háirithe ag luathchéimeanna rialuithe ráige.
Thacaigh sraith iniúchóireachta nua le húdaráis náisiúnta trí chuidiú leo a gcórais rialaithe a oiriúnú chun na ceanglais nua maidir le pasanna plandaí a chomhlíonadh.
Táirgí cosanta plandaí
Díríodh inár gcuid iniúchtaí agus inár sraith oiliúna ar rialuithe oifigiúla maidir le margaíocht agus úsáid táirgí cosanta plandaí, úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí, bainistiú comhtháite lotnaidí agus trealamh leata lotnaidicídí.
Táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha
Ós rud é nach bhfuil reachtaíocht orgánach nua an Aontais i bhfeidhm ach ó thús 2022 i leith agus i bhfianaise an ama is gá chun aistriú chuig na ceanglais nua, ní dhearnadh aon iniúchadh i dtíortha de chuid an Aontais in 2022.
Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht
Léirigh iniúchadh ar an meastóireacht ar an gcóras rialaithe oifigiúil atá i bhfeidhm le haghaidh ATFCanna agus TGFCanna in earnáil an fhíona bearnaí maidir le comhlíonadh na ngnéithe uile a chumhdaítear leis na sonraíochtaí táirge a sheiceáil agus rialuithe á ndéanamh ag na táirgeoirí.
Cleachtais chalaoiseacha agus mheabhlacha
Tugadh an tionscadal maidir leis na socruithe atá curtha i bhfeidhm i dtíortha de chuid an Aontais chun calaois sa slabhra agraibhia a chomhrac i gcrích agus foilsíodh toradh an tionscadail i
dtuarascáil forbhreathnaithe
. Ina theannta sin, d’fhoilsigh an Coimisiún
tuarascáil
theicniúil chun tacú leis na Ballstáit ceanglais dhlíthiúla an Aontais sa réimse sin a chomhlíonadh.
Teacht isteach ainmhithe agus earraí san Aontas
Dheimhnigh torthaí na n‑iniúchtaí go leanann tíortha de chuid an Aontais, ar an iomlán, d’fheabhas a chur ar a gcórais agus de rialuithe a chur chun feidhme sa réimse sin.
Iarmhair táirgí íocshláinte tréidliachta agus éilleáin chomhshaoil i measc ainmhithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch
Léirigh torthaí na measúnuithe ar na pleananna náisiúnta faireacháin iarmhar agus na hocht n‑iniúchadh a rinneadh go raibh na rialacha á gcomhlíonadh.
Aon sláinte amháin
Rinneadh torthaí na measúnuithe ar na pleananna náisiúnta maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a achoimriú i
dtuarascáil forbhreathnaithe
. Ba cheart torthaí an tionscadail seo a bheith ina gcuidiú ag tíortha de chuid an Aontais sineirgí a shainaithint agus a fhorbairt i gcomhthéacs ghné na hAon Sláinte Amháin. Ba cheart go gcuideodh sé leo freisin aon bhearnaí a shainaithint agus na pleananna atá acu cheana a neartú.
2.4
Bearta leantacha córasacha ar mholtaí iniúchóireachta
2. 4.1
Iniúchtaí leantacha ginearálta
Bunaithe ar an timthriall iniúchóireachta 3 bliana, rinneamar naoi n‑iniúchadh ghinearálta leantacha in 2022.
Tábla 4: Iniúchtaí leantacha ginearálta in 2022
Maidir leis an athbhreithniú córasach ar ghníomhaíochtaí a rinne na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí iniúchóireachta, lean sin de bheith éifeachtach agus iad ag déileáil leis an gcuid is mó de na saincheisteanna a sainaithníodh. Foilsíodh na torthaí ó na hiniúchtaí leantacha ginearálta sna
próifílí tíre
.
Ag deireadh mhí na Nollag 2022, bhí gníomhaíocht cheartaitheach déanta ag na húdaráis náisiúnta, sin nó thug siad gealltanais shásúla go dtabharfaidís aghaidh ar fhormhór na n‑easnamh a sainaithníodh laistigh d’amlínte inghlactha. Ar bhonn táscaire rollach trí bliana, tugadh gealltanais i dtaca le gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh maidir le 93 % de na moltaí a d’eascair as na hiniúchtaí a rinneadh thar na tréimhse trí bliana 2018-2020.
Leanaimid ag déanamh faireacháin ar na moltaí oscailte uile trí iniúchtaí ginearálta leantacha a dhéanamh.
2.4.2
Forfheidhmiú
In 2022, thionscain an Coimisiún imeachtaí um shárú i gcoinne na Ríochta Aontaithe toisc nár chomhlíon sí codanna suntasacha de Chreat Windsor. Tá sé d’aidhm ag na himeachtaí um shárú sin comhlíontacht na Ríochta Aontaithe leis an gCreat a athbhunú i roinnt príomhréimsí, agus é mar sprioc dheiridh sláinte agus sábháilteacht shaoránaigh an Aontais a chosaint ().
In 2022 níor chuir an Coimisiún aon chaingean faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sna réimsí atá faoi réir na rialuithe oifigiúla a chumhdaítear leis an tuarascáil seo.
Conclúidí
Lean na húdaráis náisiúnta in 2022 lena ról a chomhlíonadh maidir le faireachán agus fíorú a dhéanamh go gcomhlíonann gnólachtaí feadh an bhiashlabhra ceanglais infheidhme an Aontais agus ghlac siad bearta forfheidhmithe nuair nárbh amhlaidh an cás.
Luadh na srianta a forchuireadh mar gheall ar phaindéim COVID-19 (cé go bhfillfeadh siad ar an ngnáthshaol de réir a chéile in 2022), leibhéil foirne agus srianta acmhainní mar chúiseanna nach bhféadfadh na húdaráis náisiúnta na cláir a bhí beartaithe acu a chur chun feidhme go hiomlán.
Ní mór d’údaráis náisiúnta an obair a chur i gcrích chun a gcórais sonraí inmheánacha a oiriúnú chun sonraí iomlána comhsheasmhacha a láimhseáil san fhormáid atá ag teastáil. Tá treoir eisithe ag an gCoimisiún maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlánú; dá gcloífí leis an treoraíocht, chuirfí tuilleadh feabhais ar inchomparáideacht na sonraí arna soláthar le haghaidh 2023 agus na mblianta ina dhiaidh sin.
Chuirfí feabhas freisin ar na tuarascálacha bliantúla nuair a chuirfeadh na húdaráis náisiúnta ráitis san áireamh maidir le leibhéal foriomlán na comhlíontachta, éifeachtacht fhoriomlán a gcóras rialaithe oifigiúil agus a n‑oiriúnacht chun cuspóirí an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla() a bhaint amach.
Maidir le rialuithe oifigiúla ar leas ainmhithe, ní mór anailís níos fearr a sholáthar i dtuarascálacha bliantúla amach anseo ar na príomhtheagmhais neamhchomhlíontachta agus ar na pleananna gníomhaíochta náisiúnta chun nach dtarlóidh teagmhais den sórt sin arís.
Sna torthaí ó rialuithe oifigiúla a rinne tíortha de chuid an Aontais agus sna torthaí ó na rialuithe a rinne an Coimisiún ar na húdaráis náisiúnta, léirítear go bhfuil na córais rialaithe i bhfeidhm agus, gur ann do leibhéil chomhlíontachta atá comhoiriúnach le ceanglais sábháilteachta bia agus beatha agus margadh inmheánach sláintiúil san Aontas. Mar sin féin, sainaithníodh laigí i rialuithe an Choimisiúin agus d’fhéadfaí tuilleadh feabhais a chur orthu.
Léiríonn na bearta leantacha córasacha a dhéanann an Coimisiún ar na moltaí iniúchóireachta go ndéanann na húdaráis náisiúnta, go ginearálta, na bearta ceartaitheacha is gá chun na heasnaimh a sainaithníodh a réiteach.
Ag obair i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta, leanann an Coimisiún ag tacú le feabhas leanúnach a chur ar chórais rialaithe oifigiúla trí na líonraí saineolaithe náisiúnta agus tríd an
tionscnamh Oiliúint Níos Fearr le haghaidh Bia níos Sábháilte
.